Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

Aguisín 2

 

Mar atá luaite thuas, faoi théarmaí a gcomhaontaithe le Foras na Gaeilge, tá dualgas ar bhord Chomhar tuarascáil a thabhairt don Fhoras gach sé mhí ar cad é mar atá ag éirí leo na rudaí a gheall siad a chur i gcrích. “Ábhar suimiúil léitheoireachta” a bheadh sa chéad tuarascáil, a dúramar thuas, ach faraor, bhí dul amú orainn. Tá cóip den tuarascáil sin — ‘Tuairisc Sé Mhí ar Imeachtaí Comhar’ — faighte ag an suíomh seo, ach is é an dóigh a seachnaítear fadhbanna Chomhar an rud is suimiúla faoi.

Deir an tuarascáil: “bhí comhaltaí an Bhoird an-ghníomhach ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain”. Ach mar sin féin, “ní dhearnadh an oiread dul chun cinn agus a bhíothas ag súil leis”. Is beag a rinneadh chun an aighneacht a chuir an bord faoi bhráid an Fhorais a chur i bhfeidhm. Cad é a míniú air seo? Dar leo, “ó lár mhí Mheán Fómhair 2008, go dtí tús Aibreáin 2009, bhí aire Bhord Comhar gafa, cuid mhór, leis an iris a chosaint ó dhochar a d’fhéadfadh eascairt as sraith fada de thrioblóidí”.

Nuair a d’éirigh idir iad agus an t‑eagarthóir, Aindrias Ó Cathasaigh, “Ghlac seo an-chuid ama agus bhain sé den am agus den fhuinneamh a bhí ar fáil chun na tionsnaimh éagsúla a bhí beartaithe a chur sa tsiúl”. Tharla an rud céanna nuair a d’éirigh daoine eile as foireann Chomhar. Ansin rinne Conchubhar Ó Liatháin gearán faoin dóigh ar eagraíodh an t‑agallamh do phost an eagarthóra (féach http://igaeilge.wordpress.com/2009/02/18/comhar-agus-eagoir-2), agus “caitheadh cuid mhaith de mhí na Feabhra ag aontú téarmaí an fhreagra” air seo. Foilsíodh scéal sa Sunday Tribune faoin mhéid airgid a bhí Comhar ag fáil ón Fhoras: “Arís, b’éigean am a chaitheamh le ráiteas a chumadh agus a aontú ag bréagnú intinn an scéil”.

Ach an míníonn sé seo rud ar bith? Bhí baill uile an bhoird “an-ghníomhach ó lá go lá agus ó sheachtain go seachtain”, más fíor, ach chuir na fadhbanna seo parailís iomlán orthu. Ní raibh duine ar bith den deichniúr ball in ann rud ar bith eile a dhéanamh lena linn seo. Cuireadh ina stad iad mar gurbh éigean freagra a thabhairt ar ghearán. Agus cuireadh ina stad arís iad mar gurbh éigean freagra a thabhairt ar scéal nuachtáin. Ní raibh am ar bith ná fuinneamh ar bith fágtha ag duine ar bith orthu chun an iris a chur chun cinn. Má tá an méid sin fíor, an bhfuil sé ar a gcumas an jab seo a dhéanamh? Ar cheart dóibh a bheith ag obair ar iris má chuireann deacrachtaí mar seo dá mbuille iad?

Agus cé a chruthaigh na fadhbanna seo? Deir an tuarascáil: “Ní raibh aon neart ag an mBord ar na fadhbanna a tháinig chun cinn i réimse na heagarthóireachta”. Cheap siad eagarthóir maith — “bhí togha na Gaeilge aige, taithí an-fhairsing eagarthóireachta agus scileanna dá réir, leabhair foilsithe aige”, mar a deirtear sa tuarascáil féin — agus chaill siad é nuair a rinneadh iarrachtaí srian a chur lena chuid oibre. Tá sonraí tugtha thuas ar na conspóidí a tharla eatarthu, ach ní thugann tuarascáil an bhoird aon mhíniú ar an scéal. Fiú an duine ab fhabharaí don bhord, ní fhéadfaidís a rá gur chaith siad le Ó Cathasaigh go cothrom. Ach maíonn an bord anois go bhfuil siad go hiomlán saor ó locht! Tá gach duine ach iad féin freagrach as a dteip!

Go deimhin, “Is ábhar sásaimh don Bhord a mhéid dul-chun-cinn atá déanta” acu, de réir na tuarascála. Tá sliocht greannmhar ann, nuair is léir gur chaill baill an bhoird smacht ar a samhlaíocht:

“bhuail stoirmeacha nach raibh coinne leo an iris agus cuideachta Comhar. Chuir na stoirmeacha sin bac agus moill áirithe ar fheidhmiú bheartais Comhar agus bhagair drochchaoi a chur ar Comhar. Ach d’éirigh leis an mBord an t-árthach a thabhairt slán tríd an doineann. Beag beann ar na stoirmeacha, bhí seol maith faoin mbád i go leor réimsí tábhachtacha den loingseoireacht. I réimsí eile, chuir na gaotha mí-fhábharacha moill ar shroisint na ceannscríbe, ach tá dul chun cinn déanta arís, maidir le cúrsa maith d’aimsiú agus, ach an cóir a bheith linn, tá iontaoibh ag Bord Comhar go dtig linn caladh agus cuan a shroisint — na spriocanna a bhaint amach — fiú má bheidh moill áirithe, seachas mar a bhíothas ag súil, maidir leis an am a shroichfear ceann chúrsa.”

Cruthaíonn an píosa uafásach cumadóireachta sin gurbh fhearr do bhord Chomhar gan dul leis an scríbhneoireacht choíche. Chuirfeadh sé tinneas farraige ort!

Chaith cathaoirleach an bhoird (nó captaen na loinge, b’fhéidir?), Uaitéar Ó Ciaruáin, blianta fada mar státseirbhíseach i Roinn an Taoisigh, agus is léir go bhfuil a sheancheird ar eolas aige fós. Tá leithscéal Chomhar an-chosúil le leithscéalta an rialtais faoi fhadhbanna na tíre: tharla deacrachtaí nach raibh coinne ar bith againn leo, ach níl freagracht ar bith orainne faoin drochbhail atá ar chúrsaí. Ní chreideann mórán an leithscéal i gcás an rialtais, agus ní chreidfidh mórán é i gcás bhord Chomhar.

Thar rud ar bith eile, tugann bord Chomhar ardmholadh do… bhord Chomhar. Deir mír ar leith den tuarascáil go bhfuil “esprit-de-corps iontach i measc na stiúrthóirí”. Mura réitíonn an criú seo ró-mhaith le haon duine eile, tá sé le maíomh acu go réitíonn siad go maith le chéile!

Agus cad é an “cúrsa maith” seo atá aimsithe ag loingseoirí an bhoird? Admhaíonn siad nach bhfuil an iris á cur ar aghaidh sna coláistí tríú leibhéal mar a gheall siad, ach arís níl aon bhaint acu féin leis. Cuireann siad an locht ar na fadhbanna a thóg a gcuid ama agus fuinnimh ar fad, agus ar ndóigh, “tá sé ró-dhéanach anois sa bhliain acadúil le teacht aniar ar na heaspaí”.

Mar léiriú ar an easpa suime in Comhar, tá cló-rith na hirise laghdaithe ó 1000 cóip go 650 cóip. Tá na daoine céanna ag scríobh i ngach eagrán den iris ó tháinig Pól Ó Muirí isteach mar eagarthóir. Níl aon phlé déanta san iris ar an chúlú eacnamaíochta agus a thionchar polaitiúil. Tá an t‑eagarthóir nua ag cloí le srian eagarthóireachta an bhoird, gan aon rud a chuirfeadh isteach ar aon duine a fhoilsiú. Is dócha nach bhfuil an oiread sin daoine ag iarraidh iris mar seo a léamh.

Ach aithníonn an tuarascáil laigí Uí Mhuirí mar eagarthóir. Tá sé i gceist ag an bhord “fo-eagarthóir nó tuairisceoir a cheapadh, a bheadh dírithe ar an réimse neamh-liteartha den iris, cúrsaí reatha, polaitíocht srl.” agus “scéim eagarthóra faoi oiliúnt a thionscnamh”. Ní raibh na rudaí seo le fáil san aighneacht ollmhór a chuir an bord faoi bhráid an Fhorais. B’éigean dóibh smaoineamh ar a leithéid nuair a d’éirigh easnaimh na hirise faoi Ó Muirí soiléir, go háirithe nuair nach raibh fonn ar aon duine eile oibriú dóibh.

(Dála an scéil, maíonn an tuarascáil gur chuir duine eile seachas Ó Muirí isteach ar phost an eagarthóra. Cé go luann an tuarascáil ainmneacha nuair a thráchtann sí ar dhaoine, ní thugtar ainm an iarrthóra seo. Tá an chosúlacht ar an scéal gur aimsíodh iarrthóir gan dealramh chun tabhairt le fios go raibh comórtas i gceist le ceapachán Uí Mhuirí.)

Ar ndóigh, ní dhearmadann an tuarascáil plámás a dhéanamh leis an Fhoras: “Is mór againn an tacaíocht a thug an Foras”. An nglacfaidh Foras na Gaeilge leis an tuarascáil seo? An nglacfaidh siad leis go bhfuil airgead an phobail á chaitheamh i gceart ar iris nach bhfuil ag comhlíonadh critéir an Fhorais, ná a cuid critéar féin? Tá dhá nuachtán Gaeilge i ndiaidh bás a fháil le bliain anuas, ceal tacaíochta ón Fhoras: an amhlaidh go bhfaighidh Comhar an chabhair nár tugadh dóibh siúd?

Is dócha go bhfaighidh. Is ar éigean a d’fhéadfadh an Foras iris eile a chailleadh, agus Foinse is Lá Nua imithe cheana. Is taobh amuigh den Fhoras a mhaireann an iriseoireacht Ghaeilge is fearr anois: na hirisí Feasta agus Nós, agus suímh idirlín mar Nuacht 24 agus na blaganna éagsúla. Seans go bhfuil Foras na Gaeilge féin ar an bhealach amach, más fíor na tuairiscí. Ar a laghad, thabharfadh sé sin seans foilsiú agus maoiniú na hiriseoireachta a athbhreithniú ó bhun go barr, rud atá ag teastáil go géar.

Is é Ceart agus Comhar, thar aon áit eile, a thug scéal Chomhar chun solais. Is beag de na meáin eile a bhí sásta an scéal tábhachtach seo a chlúdach. Tá aitheantas faighte againn as an obair seo ag an-chuid daoine, agus tugann tuarascáil bhord Chomhar aitheantas breise. Déantar ionsaí ansin ar Ceart agus Comhar, ag rá go bhfuil “bréag-eolas” ar an suíomh seo, “tagtha ó fhoinse leataobhach”.

Maidir le foinsí leataobhacha, tarraingíonn an suíomh seo ar an-chuid foinsí, agus fuair sé cabhair ó dhaoine éagsúla. Ina measc, tá ball de bhord Chomhar, nár mhaith leis/léi go bhfoilseofaí a (h)ainm anseo, ach a chuir go leor eolais ar fáil. Is tríd an bhall sin a fuaireamar cóip den tuarascáil. Cén t‑eolas ar an suíomh seo atá bréagach? Níl an bord in ann é sin a rá, mar is eol dóibh gur fíor-eolas atá á scaipeadh anseo. Bíonn an fhírinne searbh, agus tá sé soiléir gur mian leis an bhord an fhírinne sin a cheilt. Tá fáilte is fiche roimh bhord Chomhar freagra a thabhairt ar rud ar bith atá ráite ar an suíomh seo, agus foilseofar é ina iomláine anseo. Má tá freagra acu, cloisimis é. Mura bhfuil, tuigfidh an saol cén fáth.