Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

9. Conclúidí

 

Níl aon amhras ann ach go léiríonn an scéal seo ar fad an dóigh nár cheart iris Ghaeilge a reachtáil. Cé go raibh bord an-mhaith ag Comhar chun deontas a fháil, bhí daoine le taithí agus tuiscint ar chúrsaí iriseoireachta de dhíth ina dhiaidh sin. Nó, ar a laghad, ba cheart dóibh seasamh amach as taobh na hiriseoireachta, é a fhágáil faoin eagarthóir, agus díriú ar na taobhanna eile d’obair an chomhlachta. Ní thig le stiúrthóirí comhlachta iris a chur in eagar – cé go dtig leo cur as go mór don obair sin.

Ní raibh leithscéal ar bith ag an bhord réamh-amharc, nó scrúdú, nó cinsireacht, a dhéanamh ar obair an eagarthóra. Ní thiocfadh le haon iris oibriú mar sin. Tá Feasta, mar shampla, á foilsiú ag Conradh na Gaeilge, eagraíocht atá níos mó agus níos sine ná Comhar Teoranta, ach ní chuireann siadsan isteach ar obair eagarthóir na hirise. Dá gcuirfidís, ní mhairfeadh an iris seasca bliain. Agus ní mhairfeadh Comhar dá mbeadh a leithéid de chóras i bhfeidhm roimhe seo.

Cad é a bhí an bord ag iarraidh a stopadh nuair a rinne siad iarrachtaí maoirseacht a dhéanamh ar eagarthóireacht Uí Chathasaigh? Ar theastaigh uathu nach gcuirfí olc ar Fhoras na Gaeilge? Ar chuir blas na heite clé san iris as dóibh? Nó ar mhian leo nach bhfaigheadh an pobal amach faoin aighneas a bhí ar siúl idir iad agus an t‑eagarthóir?

Is scéal tromchúiseach í an choimhlint leasa a bhí ag ball amháin den bhord, Muireann Ní Mhóráin. Is cosúil gur fágadh cúrsaí deartha fúithi, agus gur úsáid sí é seo chun iarracht a dhéanamh post a fháil dá mac, fiú dá mba ghá cur in éadan an eagarthóra agus miontuairiscí a athrú chun é a dhéanamh. Nuair a d’éirigh sí as an bhord dá bharr sin, ba cheart don bhord glacadh leis, agus ní bheadh an scéal chomh hachrannach sin. Ach is cosúil go raibh an bord é féin, agus an ‘esprit de corps’ a luaigh a gcathoirleach, i ndiaidh éirí níos tábhachtaí ná an iris – rud a tharlaíonn go minic le coistí.

Is léir, ag amharc ar na rudaí ar fad a thit amach, nach raibh gach ball den bhord chomh dona sin. Seasann ainmneacha áirithe amach a bhfuil freagracht ar leith orthu as na fadhbanna a tháinig chun cinn. Ach mura dtiocfadh leis an chuid eile den bhord aon rud a dhéanamh chun smacht a choinneáil ar na baill sin, beidh orthu féin a gcuid den locht a iompar.

Tá ceisteanna le cur faoin dóigh ar chaith bord Chomhar airgead Fhoras na Gaeilge. Cad chuige ar caitheadh €2,744.28 ar ríomhaire agus bog-earra chun cur ar chumas Uí Chathasaigh dearadh na hirise a dhéanamh má bhí sé i gceist acu dearthóir ón taobh amuigh a fhostú? Bhí Ó Cathasaigh sásta leanúint ar aghaidh mar eagarthóir ar feadh dhá eagrán eile dá ligfí do, ach caitheadh airgead ar a thuarastal gan aon obair a iarraidh as - agus ansin íocadh tuarastal breise le Ó Muirí lena linn sin. Cad chuige ar bronnadh airgead ar mhic léinn nach ndearna aon obair seachas obair a lorg? An é seo an fáth nár tionóladh cruinniú cinn bliana 2008 de Chomhar Teoranta, chun nach mbeadh ar an bhord ceisteanna a fhreagairt – faoi na rudaí seo, agus rudaí eile nár tharla: an suíomh idirlín… gréasán na gcuiditheoirí… cur chun cinn na hirise sna coláistí…?

Agus nach bhfuil ceisteanna le cur ag Foras na Gaeilge orthu? Anois agus an Foras ag breithniú gach caiteachais go cúramach de bharr fadhbanna an chiste phoiblí, ba cheart dóibh freagraí a lorg anseo. Chomh maith leis an dóigh ar caitheadh an t‑airgead a tugadh dóibh, cad é faoin dóigh ar ceapadh duine mar eagarthóir gan an post a fhógairt – in éadan coinníollacha an deontais? Agus an ligfidh siad don eagarthóir sin cúl a thabhairt leis an chur chuige maidir le hábhar na hirise ar ghlac an Foras leis?

Níl Aindrias Ó Cathasaigh saor ó locht sa scéal seo, ar ndóigh. Ba cheart go mbeadh a fhios aige cén cineál daoine a bhí ar bhord Chomhar – státseirbhísigh, lucht gnó, dlíodóirí agus mar sin de. Bíonn daoine dá leithéid coimeádach de ghnáth, agus ba léir go mbeadh coimhlint ann luath nó mall idir iad agus an t‑eagarthóir sóisialach seo. Cad é a thug air a cheapadh go dtiocfadh leis oibriú leis an bhord seo? Ceart go leor, bhí conradh aontaithe aige leo a chinntigh nach mbeadh ceart ar bith acu cur isteach ar a chuid oibre mar eagarthóir, ach níl i gconradh ach píosa páipéir. Bhí an sparán ina lámha-san, agus mar a chonaiceamar, thiocfadh leo stop a chur leis an iris ar fad dá dteastódh uathu. Tá sé cineál saonta i saol an lae inniu a bheith ag súil go ndéanfaidh daoine ‘beart de réir a mbriathair’. Ar a laghad, ba cheart do Ó Cathasaigh barántais níos cinnte faoina neamhspleáchas a fháil uathu sular ghlac sé leis an phost . Bhí sé ró-dheireanach a bheith á lorg i ndiaidh fhoilsiú an chéad eagráin.

Tá cúrsaí iriseoireacht na Gaeilge dona go leor i láthair na huaire. Tá deireadh tagtha leis an nuachtán Lá Nua. Is fada ó bhí daoine ar bís leis an nuachtán Foinse a cheannach gach seachtain. Tá Feasta ag déanamh a díchill, ach tá acmhainní an-teoranta aici.Tá Comhar ann fós, ach is cosúil gur iris gan bhrí a bheidh inti, faoi smacht an bhoird, gan aon iarracht ar a bheith dúshlánach. An féidir í a shábháil? B’fhéidir, ach beidh bord eile de dhíth seachas an bord reatha, eagarthóir úr, agus dóigh eile ar fad chun í a reachtáil. Mura ndéantar rud mar sin, agus go luath, beidh Comhar chomh bocht sin nárbh fhiú í a shábháil.