Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

7. An dara heagrán

 

Ní raibh an scéal ró-fhada ag scaipeadh. ‘Chualathas go bhfuil Comhar i mbaol a bháite arís’, scríobh Philip Cummings i Lá Nua ar 8ú Deireadh Fómhair. ‘Súil as againn nach fíor seo, nó ba bhreá an t‑eagrán an chéad eagrán faoin eagarthóir úr.’

An lá dár gcionn, scríobh Uaitéar Ó Ciaruáin chuig Ó Cathasaigh, ag gabháil leithscéil nach raibh sé i dteagmháil leis faoi chinneadh a bhoird. Thug sé míniú fada ar phost ollscoile a bhí aige nár fhág aon am aige. Níor mhínigh sé cén fáth nach dtiocfadh le haon bhall eile den bhord dul i dteagmháil leis, ach dúirt sé gur labhair sé le triúr acu ‘le go mbeadh barúil éigin agam cé mar a bheadh aon scéal faighte agat’. Bhí sé féin ar na baill den bhord a shíl nárbh fhiú iarracht a dhéanamh teacht chun réitigh leis an eagarthóir. Dúirt sé: ‘ní mór go mbeadh iontaoibh agus ómós sa dhá threo. Ní chuidíonn litreacha den chineál a sheol tú chugainn leis an iontaoibh sin a bhunú ná a chothú.’

Sheol Ó Cathasaigh freagra chuige ar 10ú Deireadh Fómhair:

‘Maíonn tú gur mise atá ag léiriú drochiontaobh is mí-ómós don bhord. Ach le linn domsa a bheith i mbun cruinniú thar ceann na hirise, ghlac ball den bhord páirt i bplé faoi choim i mo choinne: ba drochiontaoibh é sin. Nuair a tugadh ar an rúnaí cur isteach idir mise agus an clódóir - agus í féin a dúirt liom gur thar ceann ball den bhord a bhí sí ag gníomhú - ba drochiontaoibh é sin. Nuair a dúirt tú liom go raibh tú sásta leis na samplaí de dhearadh na hirise a thaispeáin mé duit, ach ansin a d’fhógair tú go poiblí ag an seoladh nach raibh an bord sásta leis - bord nach bhfaca an dearadh sin, go fiú - ba mhí-ómós é sin. Nuair a shocraigh sibh ag bhur gcruinniú deireanach cruinniú a lorg le mo chúraimí a shoiléiriú dom, cúraimí atá curtha i gcrích go pointeáilte agam, ba mhí-ómós é sin.

Ní líomhaintí ar bith an méid sin ar fad, ach an fhírinne ghlan. Ar an gcaoi chéanna, is í an fhírinne ghlan nár éirigh le do bhord a chuid cúraimí a chur i gcrích ó bronnadh deontas oraibh. Mar shampla, tá sé fíor nach bhfuil aon suíomh idirlín curtha ar bun agaibh. Tá sé fíor nach bhfuil grúpa curtha le chéile agaibh chuige sin, go fiú. Agus tá sé fíor anois go bhfuil an seansuíomh féin ar lár le tamall anuas. Is cinnte go gcuireann an teip seo, agus teipeanna eile dá leithéid, cáil na mí-éifeachta oraibh, ach is í an fhírinne shearbh is cúis leis sin, seachas mise.’

Mhínigh sé céard a bhí faoi a dhéanamh as sin go ceann trí mhí: ‘déanfaidh mise mar a rinne mé ó thosaigh mé san obair seo: comhlíonfaidh mé mo chonradh go cruinn beacht, agus cuirfidh mé trí eagrán maith eile den iris amach. Glacaim leis go leanfaidh do bhord ar aghaidh ar a nós féin. Níl le déanamh agaibh ach na táillí atá dlite dom agus do na daoine a scríobhfas don iris a íoc - ach tá súil agam go ndéanfar na híocaíochtaí sin go féiltiúil feasta.’

(Is cosúil go mbíodh fadhbanna ann le tuarastal Uí Chathasaigh. Cé go raibh an méid céanna le híoc ag an am céanna gach mí, d’íoctaí go mall é go minic, nó bhíodh ar an eagarthóir dul á iarraidh ar an bhord. Bíodh súil again gur mí-éifeacht a bhí anseo, seachas polasaí ag an bhord.)

Ag cruinniú ar 13ú Deireadh Fómhair, shocraigh an bord glacadh le fógra Uí Chathasaigh – ach ní raibh an dara rogha acu i ndáiríre. Rinne siad cinneadh eile a chuir Ó Ciaruáin in iúl don eagarthóir ar 18ú Deireadh Fómhair:

‘go bhfuil an Bord ag éileamh go gcuirfí faoina bhráid roimh ré, sul má chuirtear chun na clódóirí é, an téacs deireannach de gach eagrán a mbeidh tú i mbun eagarthóireachta air. Éiríonn an t‑éileamh seo as cearta agus dualgais an Bhoird, mar fhoilsitheoirí COMHAR, agus as do fhreagracht don Bhord faoin gconradh idir muid agus thú.…

Tig liom a dhearbhú nach bhfuil sé i gceist ag an mBord a ladhar a chur isteach go mion sa phróiséas eagarthóireachta, maidir le roghnú ábhar agus mar sin de. Séard atá ón mBord ná go dtaispeánfaí dó téacs deireannach an eagráin agus é réidh le dul i gcló. Cuirfidh sé seo ar chumas an Bhoird a chuid dualgais agus freagrachtaí a chomhlíonadh mar fhoilsitheoirí agus deimhniú go slánaíonn na heagráin na freagrachtaí sin. Gnáth-nós anois é in Éirinn, ar ndóigh, ábhar ar bith atá le foilsiú i gcló a chur faoi bhráid dlíodóra roimh ré.’

Ar 22ú Meán Fómhair, rinne ‘cuid den bhord’ iarracht amharc ar eagrán Dheireadh Fómhair roimh ré. Anois, bhí an bord ar fad ag éileamh go foirmiúil go ligfí dóibh sin a dhéanamh i gcás gach eagráin eile. Dar leis an eagarthóir, ‘Nuair a rinne siad cinneadh foirmeálta ceannas ar chúrsaí eagarthóireachta a lorg, ní raibh ann ach dearbhú oifigiúil ar pholasaí a bhí siad ag iarraidh a chur i bhfeidhm roimhe sin.’ (Litir chuig scríbhneoirí eagrán na Samhna, 26/11/08.) Ach b’éileamh doiléir é. Ní raibh siad in ann a rá cad é an áit ar thug a gconradh leis an eagarthóir dóibh ceart dó a leithéid a iarraidh. Ní raibh acu ach caint ghinearálta ar ‘dualgais agus freagrachtaí’. Rinneadh iarracht a thabhairt le fios gur cúrsaí dlí a bhí i gceist, ach ní raibh aon eolas ag an bhord ar dhlí na réimse seo.

Mura raibh siad ag iarraidh cur isteach ar chúrsaí eagarthóireachta, cad é a bhí uathu? Dá ligfí dóibh amharc ar na heagráin agus dá bhfeicfidís rud nach raibh siad sásta leis, cad é a dhéanfaidís ach é a athrú nó a bhaint? Cad chuige a raibh an t‑éileamh foirmiúil ag teacht anois? An raibh rud éigin in eagrán Dheireadh Fómhair a chuir as dóibh? Nó an é go raibh eagla orthu go n‑inseodh an t‑eagarthóir do na léitheoirí faoina raibh ar siúl?

Ar 21ú Deireadh Fómhair, dhiúltaigh Ó Cathasaigh d’éileamh an bhoird:

‘Tá dualgaisí agus cearta an dá thaobh leagtha amach sa gconradh idir mé féin agus an bord, agus níl soláthar ar bith sa gconradh sin le haghaidh a leithéid de chleachtas. Go deimhin, deir an conradh céanna níos mó ná uair amháin go bhfuil ábhar na hirise “faoi réir ag breith dheiridh an eagarthóra”. Athrú bunúsach ar an gconradh atá sibh ag éileamh, athrú nach bhféadfaí a thabhairt isteach gan aontú an dá pháirtí.

Tá dualgas ginearálta orm mar eagarthóir a chinntiú nach sáraíonn an iris dlí an stáit. Níl aon rud déanta agam go dtí seo a thabharfadh le fios don bhord nach bhfuil an dualgas sin dá chomhlíonadh agam. Níl sibh ag éileamh go bhfostófaí dlíodóir neamhspleách le saineolas is saintaithí ar dhlí an chlúmhillte is an chóipchirt chun a chinntiú nach sáraíonn an iris an dlí: tá sibh ag iarraibh go mbeadh cead agaibh féin an iris a scrúdú agus a leasú. Ní fhéadfadh a bheith i gceist leis sin ach a chinntiú go bhfuil an iris chun sástacht phearsanta na mball den bhord féin. Dá nglacfainn lena leithéid, bheinn ag sárú an chonartha eadrainn, a leagann dualgas na heagarthóireachta orm féin go sonrach.

I ngach rud atá déanta agam, chloígh mé go beacht le téarmaí an chonartha a rinne mé libh. Tá fúm é sin a dhéanamh go dtagann deireadh leis an gconradh sin 6 Eanair 2009. Tagann éileamh nua an bhoird salach ar an gconradh sin, agus ní mór dom rogha a thabhairt do chonradh dleathach ar éileamh mídhleathach.’

An lá dár gcionn, chuaigh bord Chomhar i dteagmháil le clódóir na hirise. Dúirt siad leis gan aon eagrán eile de Comhar a thiocfadh chuige ó Aindrias Ó Cathasaigh a chur i gcló. Mura raibh siad in ann tabhairt ar an eagarthóir géilleadh dóibh, bhí siad in ann cosc a chur le clóbhualadh na hirise.

Ach níor inis siad don eagarthóir go raibh an chéim seo á glacadh acu. Níorbh eol dó siúd nach ligfí eagrán na Samhna i gcló. An t‑am go léir, bhí sé fós ag réiteach an eagráin seo. An raibh an bord ag iarraidh saothar in aisce a chur air? Chuir sé an t‑eagrán le chéile, agus chuir sé chuig an gclódóir é ar 27ú Deireadh Fómhair, le bheith in am do 1ú Samhain.

Ar an oíche sin, d’fhág duine litir isteach i dteach Uí Chathasaigh, gan bualadh ar an doras. Bhí ainm Uaitéir Uí Chiaruáin leis an litir, cé nach eisean a shínigh í. D’inis sí dó faoi theagmháil an bhoird leis an chlódóir. Bhí sé socraithe ag an bhord ‘go n‑íocfar anois leat na táillí a bheadh dlite duit go dtí 6 Eanair 2009, agus go dtiocfaidh do thréimhse mar eagarthóir chun deiridh láithreach’. D’íocfaí na táillí cuí leis na daoine a scríobh d’eagrán na Samhna, ach ‘Is sealbhas de chuid COMHAR an t‑ábhar a réitíodh d’eagrán na Samhna, agus tá sé dlite ort é a thabhairt anois don Bhord.’

Mar sin, bhí eagrán na Samhna 2008 de Comhar á chur faoi chois ag an bhord. Bhí cosc curtha acu ar an chlódóir é a chur i gcló, agus bhí siad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar ábhar an eagráin. B’fhearr leo nach mbeadh Comhar ann ar chor ar bith ná go mbeadh aon eagrán eile faoi eagarthóireacht Uí Chathasaigh ann.

Thug seisean freagra orthu ar 29ú Deireadh Fómhair. Dúirt sé nach bhféadfaí críoch luath a chur leis an chonradh idir é agus an bord gan aontú an dá pháirtí. Dar leis, bhí sé ina eagarthóir, agus an conradh i bhfeidhm, go dtí 6ú Eanáir. ‘De bharr go bhfuil cosc curtha agaibh le clóbhualadh na hirise, áfach, is ionann sin agus mé a scaoileadh ón dualgas plé le clódóir agus eagrán a chur chuige gach mí.’ Dhiúltaigh sé ábhar eagrán na Samhna a thabhairt ar láimh, chomh maith:

‘Nuair a íocann tréimhseachán táille le scríbhneoir, ceannaíonn sé cearta céadfhoilsithe an ábhair sin, cead an t-ábhar a fhoilsiú uair amháin. Is féidir leis an dá thaobh conradh a dhéanamh ag sonrú rud eile, ach mara ndéantar, ní ghéilleann an scríbhneoir aon seilbh ar an saothar.

Mar sin, ní leis an mbord na scríbhinní seo, ach leis na húdair. Chuir siad an saothar seo chugam lena fhoilsiú ar Comhar. Beidh orm a chur in iúl dóibh go bhfuil socraithe ag do bhord gan Comhar a ligean i gcló… Tá deighilt idir cúrsaí eagarthóireachta na hirise agus gnóthaí an bhoird sonraithe sa gconradh eadrainn. Mar sin, níor chuí dom aon ábhar scríofa a thabhairt don bhord, ach é a thabhairt don chéad eagarthóir eile a cheapfar ar an iris i ndiaidh 6 Eanair. Ar ndóigh, sin é a rinne Micheál Ó hUanacháin le ábhar don iris a bhí aige féin, agus níor iarr sibh air seilbh orthu a thabhairt daoibh.’

Bhí an ceart ag léamh Uí Chathasaigh ar an dlí maidir le cearta foilsithe agus tréimhseacháin. Is ait nár thuig Trevor Ó Lachtnáin, an t‑abhcóide ar bhord Chomhar, go raibh an dlí á shárú acu, ach ní ar dhlí na foilsitheoireachta atá a chuid eolais.

Ar 1ú Samhain, an lá a raibh an t‑eagrán sin in ainm is teacht amach, scríobh Ó Cathasaigh chuig na daoine a scríobh ábhar dó:

‘Chuir mé an t-eagrán seo i dtoll a chéile thar an deireadh seachtaine, agus chuir mé chuig an gclódóir é. Chuir bord stiúrtha Chomhar Teo in iúl dom ansin go raibh siad ag cur cosc le clóbhualadh na hirise, go raibh siad thar éis a rá leis an gclódóir cúig lá roimhe sin gan aon eagrán eile a chur i gcló.

Tá iarracht déanta ag an mbord nós nua a thabhairt isteach i gcúrsaí na hirise: nach bhfoilseofaí aon eagrán gan é a chur chucu féin roimh ré le go bhféadfaidís a chinntiú nach mbeadh aon ábhar ann nach mbeadh chun a sástacha féin. Ní hé amháin nár luadh a leithéid beag ná mór nuair a tairgeadh post an eagarthóra dom, ach ní fhéadfainn glacadh lena leithéid de chinsireacht faoi choim ar an iris ná ar bhur gcuid saothair. Ní chreidim go bhfuil aon eagarthóir fiúntach ann a ghlacfadh leis ach an oiread.’

Tháinig cor sa scéal ar 3ú Samhain. D’fhoilsigh Lá Nua eagarfhocal a bhí scríofa ag Ó Cathasaigh d’eagrán na Samhna ach nach raibh an bord ag ligean i gcló. Ní fios cad é mar a fuair an nuachtán é. Seo é an t‑eagarfhocal ina iomláine:

‘I bhfianaise tuairimíochta atá sa timpeall faoina bhfuil i ndán do Comhar, tá míniú ag gabháil do lucht ár léite.

Nuair a ceapadh eagarthóir nua sa samhradh, gheall bord stiúrtha Chomhar Teo gach tacaíocht dó ina chuid oibre. Ag obair dó ar an gcéad eagrán, fuair sé cupla leide nárbh amhlaidh a bheadh. Ba chuma sin, b’fhéidir, nó b’eol dó gur ar a chrann féin a thitfeadh sé ar deireadh an iris a chur amach. Ach bhí fadhb throm ann nuair a thosaigh baill den bhord ag cur bacanna roimh a chuid oibre.

Ní hé seo an t‑am cuí ná an áit chuí le ghabháil isteach i sonraí uilig an scéil seo. Ach nuair a bheas an t‑am agus an áit sin ar fáil, tuigfear aríst gur aistí an fhírinne ná scéalaíocht dá fheabhas.

Rinneadh iarrachtaí drochnós úrnua i saol Comhar a thionscnamh: go bhfaigheadh an bord réamhamharc ar eagráin lena gceadú sula rachaidís i gcló. Ba shin deireadh leis an tsaoirse eagarthóireachta, dá mbeadh sé de mhístuaim san eagarthóir glacadh leis.

Choinnigh an t‑eagarthóir air dá ainneoin seo go raibh eagrán Dheireadh Fómhair foilsithe agus seolta. Ag an bpointe sin a d’iarr sé ar an mbord a shoiléiriú an raibh fúthu tacú lena chuid oibre nó leis na hiarrachtaí an bonn a bhaint di. Nuair a chinn an bord gan tacú le obair an eagarthóra, ba léir nach raibh de rogha aige ach slán a fhágáil acu.

Tá éileamh aisteach déanta ag an mbord ar an eagarthóir: go mbeadh sé de cheart acu gach eagrán a scrúdú sula rachadh sé chuig an gclódóir, agus aon rud san eagrán nach raibh siad sásta leis a athrú. Níl aon bhaint ag an éileamh seo le cúrsaí dlí, mar ní haon dlíodóir clúmhillte é an bord. Ní call a rá gur dhiúltaigh an t‑eagarthóir glan dá leithéid de chinsireacht faoi choim air féin agus ar na daoine a scríobhann san iris seo.

Ní hé seo an chéad uair i stair Comhar a tháinig bord salach ar obair eagarthóra, ná an chéad uair a mb’éigean d’eagarthóir éirí as dá thoradh. “The facts about Comhar are that it was made impossible for a former editor to carry on,” a scríobh Máirtín Ó Cadhain chuig eagarthóir na hirise i 1962, “that you, whoever you are, are prepared to look into Moran’s entrails on every occasion for the party-line auspices.”

Tá sé de chúram ar eagarthóir irise í a chur i dtoll a chéile go neamhspleách ar bhord, coiste nó foras ar bith a bhfuil clár oibre eile acu. Ní eagarthóir fiúntach a bheadh sa té a ghlacfadh le ladair a chur isteach mar sin, ná ní iris fhiúntach a chuirfeadh an té sin in eagar.

I ndiaidh eagrán Eanair agus a thréimhse scoir curtha isteach, tiocfaidh deireadh le seal gearr an eagarthóra seo, mar sin. Ní fios an mairfidh an iris ina dhiaidh sin, nó is doiligh cuimhniú ar eagarthóir eile a d’fheidhmeodh faoi na coinníollacha nua is áil leis an mbord a chur i bhfeidhm. Ba chosúil an t‑am seo anuraidh gur críoch thragóideach a chuirfí le scéal uasal Comhar: is é an trua mhillteanach é gur cosúla le críoch áiféiseach anois é.’

(Baineann an tagairt sin do 1962 leis an chonspóid a bhí ann nuair a d’imigh an t‑eagarthóir Breandán Ó hEithir i ndiaidh dó alt achrannach le Máirtín Ó Cadhain, ‘Do na Fíréin’, a fhoilsiú. Is é Dónall Ó Móráin an Móránach a bhí i gceist ag an Chadhnach – athair Mhuireann Ní Mhóráin. Mar shaineolaí ar shaothar Uí Chadhain, bheadh na cosúlachtaí seo ar eolas ag Ó Cathasaigh.)

Ní fios cad é mar a fuair Lá Nua an t‑eagarfhocal. Rinne Ó Cathasaigh agallamh le Raidió na Gaeltachta faoin scéal an lá céanna. Dúirt sé nach eisean a thug don nuachtán é, agus nach raibh a fhios aige go raibh sé acu go dtí gur ghlaoigh fear an Raidió air, ach níor mhiste leis ar chor ar bith go raibh sé á fhoilsiú. Mhínigh sé san agallamh cad é a bhí ar siúl idir é féin agus an bord. Dúirt sé go raibh sé sásta leanúint ar aghaidh mar eagarthóir go bhfaighfí eagarthóir eile – ar choinníoll go bhfanfadh an bun-socrú i bhfeidhm idir an dá linn, nach mbeadh aon réamhscrúdú á dhéanamh ag an bhord ar a chuid saothair.

Má bhí sé i gceist ag an bhord a chinntiú nach nochtófaí an méid a bhí ag titim amach idir iadsan agus an t‑eagarthóir, bhí teipthe orthu. Go deimhin, bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh cinsireacht ar siúl acu. An lá dár gcionn, chuaigh siad i dteagmháil leis an chlódóir, ag rá leis an t‑eagrán a chur i gcló – ‘rud a léiríonn nach bhfuil aon fhonn cinsireachta ar an mBord’, dúirt siad (ráiteas, 6/11/08). Ach is mó a léiríonn sé gur theip orthu a bhfonn cinsireachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus nach raibh aon rogha acu anois ach an t‑eagrán a ligean amach.

Scríobh Ó Cathasaigh chuig na scríbhneoirí arís: ‘Tá scéal faighte agam anois go bhfuil bord Chomhar Teo thar éis géilleadh go ligfear eagrán na Samhna den iris i gcló, cé nár thug mé aon réamhamharc ar an eagrán seo dóibh mar a d’éiligh siad. Níl a fhios agam céard atá le tarlú ina dhiaidh seo, ach cuirfear an t‑eagrán seo i gcló.’

D’fhoilsigh Lá Nua eagarfhocail eile an eagráin sin an dá lá ina dhiaidh sin. Phléigh ceann díobh leis an ghéarchéim eacnamaíochta. Phléigh an ceann eile le dúnadh Lá Nua féin, agus níor spáráil sé Foras na Gaeilge:

‘Dúirt muid anseo mí ó shin go raibh sé in am a theacht ar mhodh eile leis na tréimhseacháin Gaeilge a mhaoiniú. Agus na focla sin dá gcur i gcló, chuir Foras na Gaeilge a gcruthúnas ar fáil lena gcinneadh éirí as nuachtán laethúil a mhaoiniú.

Ní hé deireadh an nuachtáin laethúil amháin atá i gceist ag an bhForas, ach nuachtán Gaeilge a chur den saol ar fad. Má bhí sé míshásta le Lá Nua mar pháipéar laethúil, d’fhéadfadh an Foras cur ar a chumas athsheoladh mar nuachtán seachtainiúil, cuir i gcás. Ach ina ionad sin, tá socraithe aige nach gceadóidh sé ach an t‑aon seachtaineán amháin feasta. Un giornale, una voce!

Baineann an ghné is aistí de chinneadh an Fhorais le seirbhís nuaíochta ar líne. Cibé locht atá ar Lá Nua, níl gar a shéanadh ach gurb é atá chun tosaigh maidir le nuaíocht i nGaeilge a fhoilsiú ar an idirlíon. D’fhéadfadh an Foras cuidiú leis chun an tseirbhís seo a fhorbairt. Ach tá socraithe aige gurb é an comhlacht céanna a chuirfeas an nuachtán i gcló a chuirfeas nuaíocht amach ar líne - gur monaplacht nuaíochta a chruthófar.…

Tá iarracht ar bun ag Foras na Gaeilge a dheimhniú go bhfuil a chuid airgid dá chaitheamh go tairbheach, agus iniúchóir neamhspleách ag breithniú na bhfiontar atá dá maoiniú aige. Ní dochar ar bith é sin ann féin, ach is bocht an scéal é má tá nuachtán fiúntach le n‑íobairt ar altóir na cuntasaíochta. Ach más ceist cuntasaíochta é, cá bhfuil an t‑iniúchadh neamhspleách ar éifeacht chaiteachas an Fhorais ar imeachtaí dá chuid féin?

Ní hacmhainn dúinn nuachtán Gaeilge a chailleadh. Níos mó éagsúlachta atá ag teastáil i meáin na Gaeilge seachas níos lú. Is é a chosúlacht aríst gurb eol don Fhoras praghas an uile ní ach nach eol dó luach aon ní. Cruthaíonn an buille seo aríst nár cheart cumhacht bháis is bheatha ar ár gcuid tréimhseachán a ligean leo.’

(Ciallaíonn Un giornale, una voce ‘Nuachtán amháin, guth amháin’ – aithris ar nath Mussolini, Un duce, una voce - ‘Ceannaire amháin, guth amháin’.)

Seans gur chuir sin olc ar bhord Chomhar chomh maith, agus an dea-chaidreamh a bhí siad ag iarraidh a chothú leis an Fhoras. Agus ar ndóigh, de réir a gconartha leis an Fhoras, bhí dualgas orthu eagrán de Comhar a fhoilsiú gach mí. Ar cuireadh brú orthu an coinníoll sin a chomhlíonadh nuair a chinn siad eagrán na Samhna a fhoilsiú faoi dheireadh?

Idir an dá linn, bhí cuid díobh siúd a raibh saothar leo in eagrán Dheireadh Fómhair gan íocaíocht a fháil as fós, cé go raibh a gcuid ainmneacha ar liosta íocaíochtaí a thug Ó Cathasaigh don bhord. Ní raibh íocaíocht faighte as altanna a scríobhadh faoi ainmneacha cleite, agus níor íocadh duine as agallamh a rinne sé. Ar 6ú Samhain, scríobh cathaoirleach an bhoird chuig an eagarthóir ag míniú cad chuige. Níor léir dó cé a scríobh an saothar faoi ainmneacha cleite ná gur cheart táille a íoc le duine as agallamh a dhéanamh. ‘Tuigfidh tú nach mór dúinne, na stiúrthóirí a shíníonn seiceanna, a bheith sásta go bhfuil gach íocaíocht as ciste Comhar ceartbhunaithe.’ Mar sin, bhí na baill a shínigh seiceanna Chomhar – Uaitéar Ó Ciaruáin, Muireann Ní Mhóráin agus Anna Davitt – ag cur i leith Uí Chathasaigh go raibh íocaíochtaí nach raibh ceartbhunaithe á lorg aige.

Sheol sé freagra chuig an chathaoirleach ar 13ú Samhain:

‘Deir tú go bhfuil amhras ort nach bhfuil gach íocaíocht do scríbhneoirí a rinne mé amach “ceartbhunaithe”. Is ionann sin is a rá go gceapann tú go raibh mé ag iarraidh airgead Chomhar Teo a chaitheamh go mídhleathach. Níl bunús dá laghad leis sin, agus iarraim ort a dhearbhú gur amhlaidh atá.

Ní maith liom gnáthchleachtais na hiriseoireachta a mheabhrú duit aríst, ach is gnáthnós é i dtréimhseachán ar bith leas a bhaint as ainmneacha cleite, ar chúiseanna éágsúla. Is gnáthnós i gComhar é le fada. Is gnáthnós é nach gcaitear amhras ar ionracas an eagarthóra ina thaobh seo. Ach is gnáthnós é nach eol do do bhord. Nuair a chuir mé liosta d’íocaíochtaí scríbhneoirí isteach, ba ionann sin agus dearbhú go raibh ábhar curtha ar fáil ag na daoine sin a foilsíodh san eagrán a bhí i gceist.…

Gnáthnós iriseoireachta eile é go n‑íoctar táille le daoine as a ghabháil faoi agallamh. Go hiondúil, íoctar an té a chuir faoi agallamh iad freisin. Shocraigh mé táille a íoc le Colm Ó Snodaigh as a agallamh, agus gan aon táille a íoc leis an té a chuir agallamh air - tharla go mba mise an té sin.…

Ní hé amháin nach bhfuil taithí agaibh ar na cleachtais choitianta iriseoireachta seo, ach níl aon mhuinín agaibh asam féin mar eagarthóir. Ba leor focal an eagarthóra air seo in aon tréimhseachán eile, nó i gComhar féin faoi bhoird eile. Níl a fhios agam an dtuigeann sibh anois féin cé chomh haisteach is atá bhur n‑iompar. Ar thaobh amháin deir tú nár mhian libh cur isteach ar obair na heagarthóireachta. Ach ansin, deir tú nach bhfuil sé de shaoirse agam a rá le duine a bheadh sásta a ghabháil faoi agallamh go n‑íocfar táille leo. Bheadh orm cead a fháil ón mbord roimh ré sula bhféadfainn gnáthobair chomh beag sin a dhéanamh.’

D’fhreagair Ó Ciaruáin é ar 25ú Samhain: ‘Níor shamhlaigh mé ar chor ar bith go raibh tú ag iarraidh airgead Comhar a chaitheamh go mí-dhleathach.… Glacaim leis go raibh agus go bhfuil d’iompar maidir le hairgead Comhar ceartbhunaithe ariamh is i gcónaí.’ D’íoc an triúr sínitheoirí na táillí seo ansin, ach léiríonn sé seo gurbh é cur chuige an bhoird ceangal docht go leor a choinneáil ar ghníomhartha a n‑eagarthóra.

Idir an dá linn, tháinig eagrán na Samhna ón chlódóir – níos mó ná coicís deireanach. Bhí ábhar eile ann a insíonn rudaí dúinn faoin chonspóid idir an t‑eagarthóir agus an bord. Faoin teideal ‘Miontuairisc’, dúradh: ‘Tá staraithe i Nua-Eabhrac tar éis cáipéis luachmhar a aimsiú a chaitheann solas ar thubaist a chuaigh ó mhíniú go dtí seo.’ Seo an ‘cáipéis’ a bhí i gceist:

1   Do tionóladh cruinniughadh de Bhord Stiúrtha an White Star Line ar bhord an Titanic ar an 14adh lá d’Aibreán sa bhliadhain 1912.

2   Do phléigh an Bord litir do chuir Caiptín na loinge chúcha. Níor aontaigh an Bord go raibh aon ádhbhar gearáin aige maidir le líon na mbád tarrthála ar an loing. Maidir leis an mí-réir idir líon na bpaisinéirí agus líon na n‑áiteanna ar na báid tarrthála, do ceapadh an Rúnaidhe le leagan feileamhnach de’n fhírinne do chumadh agus do chur fé bhraghaid an Chathaoirligh.

3   Do chuir duine des na stiúrthóirí coggar i gcluais an Bhuird maidir le péinteáil na loinge. D’aontaigh an Bord lena raibh le rá aici, agus ansan d’éisteadar léithe. Dob é an rud ba thábhachtaighe ar fad ná péinteáil ghairmeamhail do dhéanamh uirthi, agus do bheadh mac léithe ana-shásta iocaidheacht d’fhaghail as an obair sin. Níor phéinteálaidhe gairmeamhail é féin, ach do mheabhraigh an stiúrthóir don Bhord gurbh í inghean a hathar í agus gur cheart an ginealas san do chaomhnughadh.

4   Do pléigheadh na rudaí in aighneacht an Bhuird chuig an Ughdarás Loingseoireachta nach raibh curtha i gcrích go fóill. hAontaíodh gur cheart díriughadh ar phéinteáil na loinge, agus cruinniughadh do lorg leis an gCaiptín chun a dhualgaisí do mheabhrughadh dó.

5   (Do thánaig an Caiptín isteach ag an bpuinnte seo de’n chruinniughadh.) Do tharraing an Caiptín aird an Bhuird ar theachtaireachtaí do bhí faighte aige maidir le cnoc oighir do bheith le feiceáil i mbealach na loinge. Socraigheadh go ndéanfadh an Cathaoirleach machnamh ar an scéal tréis dul i gcomhairle le liosta cúntóirí do bhí scríobhtha aige.

6   Do léirigh an Caiptín mí-shástacht i dtaobh comhaltaí de’n Bhord do bheith ag iarraidh roth na loinge do chasadh i dtreo eile seachas an cúrsa do bhí tarraingthe aige. Do bhí díomá ar an mBord fén easpa iontaoibhe so asta.

7   (Do chualathas cúpla scread ó dhroichead na loinge ag an bpuinnte seo de’n chruinniughadh. D’fhág an Caiptín an cruinniughadh agus deifir ana-mhór air.) Do rith an Bord rún d’aonghuth gur cheart litir ghearáin do scríobhadh chuig an gCaiptín mar gheall ar an mí-ómós so i lár an chruinnighthe. Socraigheadh go ndéanfadh an bord ceartughadh ar a chuid cúrsaí feasta.

8   Thánaig deireadh leis an gcruinniughadh ag 11.45 i.n.’

(I ndiaidh a bhfuil ráite anseo, ní gá na tagairtí sa chomparáid seo idir Comhar agus bá an Titanic a mhíniú – seachas ceann amháin, b’fhéidir. Tagraíonn an focal ‘coggar’ do COGG, áit oibre Ní Mhóráin.)

Agus cóip den eagrán sin á seoladh chucu siúd a scríobh ann, sheol an bord ráiteas leis (faoin dáta 6/11/08) a thug a dtaobh féin den scéal. Dúirt sé go raibh ‘níos mó agus níos mó amhrais ionainn an raibh na tréithe a bheadh riachtanach ag Aindrias i gcás eagarthóra a chaithfeadh obair as lámha a chéile le Bord irise’. Ach ar ndóigh, níor cheart dó oibriú as lámha a chéile leis an bhord maidir le cúrsaí eagarthóireachta. Bhí cúrsaí eagarthóireachta faoi féin amháin. Murar thuig an bord é sin, b’fhéidir nach raibh na tréithe acusan a bheadh riachtanach i gcás bord irise.

Nuair a fuair sé amach faoin ráiteas, chuaigh Ó Cathasaigh i dteagmháil le scríbhneoirí an eagráin sin ar 26ú Samhain, lena fhocal scoir ar an chóras réamh-amhairc a d’iarr an bord a thabhairt isteach:

‘Ní shin é a aontaíodh eadrainn nuair a ceapadh mé. Ní shin é an tsaoirse eagarthóireachta a gealladh dom, ach is léir go bhfuil sainmhíniú dá gcuid féin ag an mbord ar shaoirse eagarthóireachta. Ní fhéadfadh eagarthóir ceart ar bith iris a chur in eagar agus an córas seo acu i bhfeidhm. Ní dóigh liom go bhféadfadh scríbhneoir ceart ar bith scríobh don iris agus é i bhfeidhm, ach an oiread.

Ní thugann an bord aon chúis leis an gcumhacht seo a éileamh ach “a chuid dualgas agus freagrachtaí” - an cineál leithscéil a cuireadh chun cinn mar chosaint ar gach córas cinsireachta ariamh. De bharr gur fhoilsigh nuachtán príomhaltanna eagrán na Samhna, theip ar a n‑iarracht an mhí seo. Ach má chreideann siad i gcónaí gur bord eagarthóireachta nó bord cinsireachta iad, seachas bord stiúrtha comhlachta, níl i ndán do Comhar a bheith ina hiris neamhspleách gan faitíos aríst. Sin é an trua is mó a bhaineann leis an scéal seo ar fad.’