Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

6. Géarchéim

 

Bhí údar imní ar an eagarthóir, is léir. Ní bhfuair sé aon sásamh nuair a rinne sé gearán le Uaitéar Ó Ciaruáin faoi iompar Mhuireann Ní Mhóráin. An lá i ndiaidh sheoladh an chéad eagráin, shocraigh sé teachtaireacht a sheoladh chuig an chathaoirleach agus baill uile an bhoird:

‘Anois agus an chéad eagrán den iris curtha amach, tá sé in am againn díriú ar ghnéithe áiride den socrú idir mé féin agus bord stiúrtha Chomhar. Tá roinnt nithe nach mór dúinn a dhéanamh soiléir má tá an socrú eadrainn le maireachtáil.

5 Meán Fómhair, bhí mé i mbun cruinniú le beirt mhac léinn deartha, féachaint arbh fhéidir leo an méid a bhí socraithe ag cruinniú boird trí lá roimhe sin a chur i gcrích. I lár an chruinniú chuaigh duine acu amach le glaoch a chur, i ngan fhios dom, ar bhall den bhord atá gaolta leis an duine eile. Ní hé amháin go raibh an ball sin sásta an glaoch a ghlacadh, ach bhí sí sásta a ghabháil i dteangmháil leat féin le cás na mac léinn seo i mo choinne a phléadáil.

Ní dóigh liom go mbeadh aon bhall den bhord sásta dá ndéanfaí a leithéid de mhísc orthu agus iad i mbun cruinniú thar ceann na hirise. Go deimhin, ní fhéadfadh an bord feidhmiú dá mbeadh aon ghlacadh leis mar nós. Ní taise dom féin é. Uair ar bith a mbím páirteach in aon ghnó a bhaineann leis an iris, níor cheart go ndéanfadh aon bhall den bhord iarracht mar sin an bonn a bhaint de mo chuid oibre.

22 Meán Fómhair, ghlaoigh an rúnaí ar an gclódóir, agus í ag cur ceisteanna faoi chlóbhualadh na hirise thar ceann ball den bhord. Tá sé sonraithe sa gconradh idir mé féin agus an bord gur fúmsa atá sé teangmháil a dhéanamh leis an gclódóir i dtaobh na hirise. B’éigean dom leithscéal a ghabháil leis an gclódóir faoi dhuine eile a bheith dá bhuaireamh, ag iarraidh an iris a fháil ar dháta ní ba luaithe ná an dáta a bhí tugtha dó.

Tá cúrsaí clódóireachta na hirise faoi mo chúramsa. Níor cheart d’aon bhall den bhord cur isteach ar theangmháil idir mé féin agus an clódóir, fiú má bhaintear úsáid as an rúnaí lena dhéanamh.

Níl sa méid seo atá mé ag iarraidh a dhéanamh soiléir ach an gnáthchleachtas i dtréimhseachán ar bith. Tá réimse leathan saineolais le fáil ar an mbord, gan amhras, ach ní mórán taithí ar obair irise atá ina measc, mara bhfuil dul amú orm. Fós féin, sílim go dtuigfidh na baill nach féidir a mhalairt de chleachtas a bheith ann, nach bhféadfadh aon tréimhseachán a theacht amach agus bord ag cur a ladar isteach i ngnóthaí an eagarthóra.

Tá eagrán maith den iris curtha ar fáil agam in am don athsheoladh. Níl sé gan locht, ach tá sé ann. Is trua nach féidir an méid céanna a rá i dtaca le rudaí eile a bhí ceaptha a bheith ann: an suíomh ceart idirlín, cuir i gcás, an grúpa daoine chun cuidiú le ábhar a fháil is a scríobh don iris, nó an gréasán de chúntóirí i ngach coláiste. Ní hionann agus an iris, is rudaí iad seo a bhí mar chúram ar an mbord féin. Ina fhianaise seo, tá súil agam nach miste libh má mholaim don bhord aire a thabhairt don ghnó atá gan déanamh aige féin seachas don ghnó atá dá chur i gcrích agamsa. Ligigí don eagarthóir breathnú i ndiaidh cúrsaí a bhaineann lena chuid oibre féín.

Scríobh tú féin chugam 23 Meitheamh ag tairiscint post an eagarthóra dom agus ag geallúint “go mbeidh gach tacaíocht le fáil agat ó Bhord Chomhar”. Is léir ón méid atá ráite agam nach bhfuil an polasaí sin dá chur i bhfeidhm ag an mbord ina iomláine. Faoin mbord féin atá sé, feictear dom, a dhéanamh cinnte go mbeidh an bord ina iomláíne dá chur i bhfeidhm feasta. Níl aon fhonn orm gabháil isteach a thuilleadh i ndrochrudaí a tharla, ach féachaint chuige nach dtarlóidh siad aríst.

Glacaim leis go dtionólfar cruinniú eile den bhord as seo go ceann coicíse. Creidim gur féidir leis an mbord a intinn a dhéanamh suas faoin am sin maidir lena bhfuil ráite agam. Má ghlacann an bord ina iomláine leis an méid atá soiléirithe agam anseo, má ráthaítear dom gur caidreamh ceart a bheas eadrainn feasta, ní léir dom aon chúis nach leanfadh an socrú eadrainn.’

Sin litir nár chuir fiacail ann! Ach má bhí sí searbh, ní raibh sí gan bhunús. Abair dá mbeadh ball den bhord i mbun cruinnithe le hoifigeach ó Fhoras na Gaeilge, is cinnte nach mbeidís sásta dá mbeadh ball eile den bhord i mbun comhrá teileafóin leis an oifigeach sin i lár an chruinnithe i ngan fhios dóibh. Is doiligh a fheiceáil cad é mar a thiocfadh le duine iris a chur in eagar agus daoine ag amharc thar a ghualainn nó ag teacht idir é féin agus an clódóir. Agus ní thig a shéanadh gurbh í an iris féin an t‑aon rud a bhí curtha i gcrích de na rudaí ar fad a gheall an bord a dhéanamh.

B’fhéidir go dtiocfadh le Ó Cathasaigh a chuid imní a chur in iúl ar dhóigh níos cineálta. Ach thug sé cúpla bealach éalaithe don bhord, chun go dtiocfadh leo tarraingt siar gan náire. Ní dúirt sé glan amach go raibh cinsireacht i gceist agus iad ag iarraidh an t‑eagrán a fheiceáil roimh a fhoilsiú, ach thrácht sé ar an teagmháil idir é féin agus an clódóir. Níor chuir sé an locht ar an bhord uile, ach ar chuid díobh, ag súil go mbeadh seasamh eile ag an bhord iomlán. Ag an am céanna, bhí sé soiléir ón litir go raibh faoi éirí as an eagarthóireacht mura dtabharfaí éisteacht dá ghearán.

Scríobh sé níos deireanaí: ‘Bhí súil agam go ndéanfaí soiléir nach gceadófaí do bhaill den bhord a leithéid a dhéanamh. Nuair a shocraigh siad a mhalairt, go dtacóidís leis an gcur isteach, ní raibh fonn orm a bheith ag troid leo chuile mhí. Ní raibh d’fhonn ormsa ariamh ach an obair a fágadh fúm a dhéanamh, an iris a chur in eagar. Mara ligfí dom sin a dhéanamh, níorbh fhiú a bheith ag cur i gcéill.’ (Litir chuig scríbhneoirí eagrán na Samhna, 26/11/08.)

Dúirt an bord níos deireanaí gur litir í ‘a mhúscail imní agus amhras inár measc’ (ráiteas, 6/11/08). Is cinnte gur mhúscail sí imní agus amhras i Muireann Ní Mhóráin, a sheol teachtaireacht chuig cathaoirleach an bhoird an lá céanna ag rá ‘gur fearr go n‑éireoinn as an mBord Stiúrtha’.

Bhí cruinniú ag an bhord ar 3ú Deireadh Fómhair. De réir na miontuairiscí, ‘Níor ghlac na stiúrthóirí le leagan an Eagarthóra ar imeachtaí mhí Meán Fómhair maidir le dearadh na hirise ná maidir leis an teagmháil leis na clódóirí.’ Ní léir cén leagan a bhí acu féin ar na himeachtaí sin. Is minic ina dhiaidh seo a shéanfadh an bord rudaí go lom, gan freagra díreach a thabhairt ar an mhéid a deirtear leo ach séanadh ginearálta a dhéanamh.

‘Thairis sin, ní raibh an Bord sásta le dearcadh agus cur chuige an Eagarthóra faoi mar a léiríodh sa litir iad’. Cé go ndéanfadh sin cúis mar léirmheas ar stíl na litreach, b’fhéidir, ní dúirt sé rud ar bith faoin mhéid a bhí inti.

‘Ba é tuairim an Bhoird go raibh an tacaíocht chuí agus saoirse eagarthóireachta tugtha aige don Eagarthóir’. Mar sin, ar thacaíocht chuí é cur in éadan an eagarthóra i ngan fhios dó le linn cruinnithe? Ar shaoirse eagarthóireachta é féachaint greim a fháil ar an eagrán sula gcuirfí i gcló é? Má ba ea, níorbh ionann tuiscint an bhoird ar thacaíocht nó saoirse agus tuiscint an eagarthóra – ná tuiscint go leor daoine eile ach oiread.

‘Maidir le eagrán mí Deireadh Fómhair, d’aithin an Bord go raibh roinnt ábhair fónta ann agus gur éirigh leis an Eagarthóir ionchur a fháil ó scríbhneoirí aitheanta. Ní raibh an Bord sásta le dearadh na hirise’. Ba bheag a bhí le rá ag an bhord faoi ábhar na hirise, agus ba bhocht an t‑aitheantas an méid sin don réimse ábhair a bhí ann. Bhí an stíl níos tábhachtaí ná an tsubstaint dóibh. Shocraigh siad ‘go mbeadh Foras na Gaeilge ag súil le caighdeán níos fearr ón iris’. Níor thagair siad do thuairimí na léitheoirí ar chor ar bith, ach bhí tuairim Fhoras na Gaeilge níos tábhachtaí dóibh

‘Cinneadh cuireadh a thabhairt don Eagarthóir chuig cruinniú leis an gCathaoirleach agus roinnt stiúrthóirí eile Dé Luain 13 Deireadh Fómhair ar a 5 a chlog in oifig COGG [an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta]. Dhéanfaí soiléiriú ar chúraimí an Eagarthóra agus ar na coinníollacha a bhaineann lena chonradh, i bhfianaise an aighneachta chuig Foras na Gaeilge.’ Is aisteach an rud nach rabhthas chun am agus láthair an chruinnithe a phlé leis an eagarthóir, ach go rabhthas ag leagan fait accompli roimhe. Agus cruinniú aon-treo a bhí i gceist, an bord ag soiléiriú rudaí dó, seachas aon éisteacht a thabhairt don mhéid a bhí le rá aigesean. Agus cad iad na coinníollacha nach raibh á gcomhlíonadh aige? Ní raibh aon bhaint ag Ó Cathasaigh le haighneacht an bhoird chuig an Fhoras, ar ndóigh, agus níor chuid dá chonradh í.

Dá mba mhian leis an bhord an t‑eagarthóir a mhaslú, is ar éigean a thiocfadh leo jab níos fearr a dhéanamh. Dhaor siad gan éisteacht é, roimh chuireadh chun a chrochta a thabhairt dó! Ar shíl siad nach raibh Ó Cathasaigh i ndáiríre nuair a dúirt sé go raibh a shocrú leis an bhord i mbaol?

Chuala an bord go raibh daoine eile ag socrú gan oibriú le Comhar. Bhí an rúnaí ag éirí as, ag deireadh tréimhse deich mí nuair nach raibh mórán oibre le déanamh aici. Ní raibh fonn ar an bheirt a luadh in aighneacht an bhoird cur isteach ar phost an bhainisteora/gníomhaire fógraíochta, ach bhí bainisteoir fógraíochta ceaptha. Socraíodh duine eile a cheapadh mar bhainisteoir rannpháirtíochta agus cumarsáide, ag plé leis na coláistí go háirithe. Ach chuir an duine sin in iúl nach mbeadh sí ag glacadh an phoist. Ceapadh duine eile ansin, ach bhí seisean díreach i ndiaidh éirí as. Ba chúis díomá don bhord an méid seo, agus íorónta go leor, deir na miontuairiscí: ‘Aithníonn an Bord nach féidir le Comhar feidhmiú gan obair i gcomhar.’

Ach níor pléadh éirí as Ní Mhóráin. Go deimhin, is cosúil nár chuir an cathaoirleach in iúl do bhaill uile an bhoird go raibh duine dá gcomhghleacaithe éirithe as. Ag amharc siar, is léir go bhféadfadh réiteach ar an fhadhb a bheith ar fáil dá bhfaigheadh an bord seans aontú leis an tuairim a nocht sí ina teachtaireacht chuig an chathaoirleach.

Níorbh fhiú leis an bhord aon deifir a dhéanamh ag cur a chinnidh in iúl don eagarthóir. Fuair sé amach faoi, mar sin féin, agus má cheap an bord go raibh sé ag cur i gcéill, shoiléirigh a litir chuig an chathaoirleach ar 6ú Deireadh Fómhair an scéal: ‘Tharla gur shocraigh bord stiúrthóirí Chomhar Dé hAoine seo caite tacú leis na hiarrachtaí cur in aghaidh mo chuid oibre – seachas tacú leis an obair sin, mar a gheall tú féin dom tráth den saol – níl an dara rogha agam ach éirí as. Tugaim fógra trí mhí duit leis seo, agus tiocfaidh deireadh le mo thréimhse mar eagarthóir 6 Eanair 2009.’