Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

5. An chéad eagrán

 

Bhí an chéad eagrán den Comhar nua le seoladh i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath ar 25ú Meán Fómhair. Bhí an Dr Louis de Paor ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun labhairt ag an ócáid. Bhí Ó Cathasaigh ag cur a chéad eagráin le chéile in am dó sin.

Bhí réimse mhaith ábhair san eagrán. Bhí alt ar fhadhbanna an Taoisigh Brian Cowen, alt leis an tráchtaire Tomás Mac Síomóin ar an ghéarchéim faoi Chonradh Liospóin, agus alt ar na Cluichí Oilimpeacha. Bhí gearrscéal leis an údar cáiliúil Gabriel Rosenstock, agus ceann le Manchán Magan, a bhfuil aithne níos fearr air de bharr a chuid clár taistil. Bhí dánta leis an fhile nua Simon Ó Faoláin, agus léirmheasanna ar cheithre leabhar nua. Bhí alt ag Fergus O’Hare faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt daichead bliain ar aghaidh, agus feartlaoi leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh ar an staraí Nollaig Ó Gadhra. Chuirfeadh léitheoirí níos óige suim san agallamh leis an cheoltóir Colm Ó Snodaigh ó Kíla, agus san alt ar theip an turcaí Dustin i gComórtas na hEoraifíse. Bhí alt greannmhar ann faoi ‘litríocht anghrách’ na Gaeilge, fiú!

Bhí cuma mhaith ar an eagrán freisin. Bhí clúdach an-fheiceálach air, Brian Cowen ag scríobadh a chloiginn faoi na fadhbanna éagsúla a bhí ag cur isteach air, agus liosta de na hábhair eile a bhí san iris. Úsáideadh pictiúir go cliste, an téacs ag dul timpeall orthu go minic. Bhí uiscechló de Che Guevara taobh thiar de dhán faoi. Bhí an téacs breá so-léite, agus saor ó bhotúin. Ní raibh dearadh na hirise gan locht ar chor ar bith, agus d’fhéadfaí feabhas a chur air, ach ba chéim mhór chun cinn é.

Fuair siopa i mBéal Feirste beart den eagrán, ach díoladh amach é i gceann cúpla lá, agus bhí orthu beart eile a ordú (http://andrumamor.nireblog.com/post/2008/10/21/comhar-cad-a-ata-ag-titim-amach).

Bhí trí eagarfhocal ag Ó Cathasaigh san eagrán. Phléigh ceann acu le deireadh an Pháirtí Dhaonlathaigh, agus ceann eile le conspóid thobar gáis na Coiribe. Bhí na scéalta seo díreach i ndiaidh teacht chun cinn, nó teacht ar ais, sa nuacht an tseachtain roimh fhoilsiú na hirise, agus léiríonn siad go raibh faoin eagarthóir nua a bheith suas chun dáta maidir le cúrsaí reatha. Tuairimí láidre den eite chlé a bhí sna heagarfhocail seo, ach bheifí ag súil leis sin agus an claonadh chun sóisialachais atá ag an eagarthóir.

B’fhéidir gurbh é an t‑eagarfhocal eile an ceann ba chonspóidí, áfach. Thug sé cur síos ar chuid de na rudaí a bhí faoin eagarthóir nua a dhéanamh, agus thagair sé do chinneadh an Fhorais an bhliain roimhe:

‘Is é an chaoi ar baineadh an bonn de mhaoiniú Comhar a chuir inár dtost muid. Ní shéanann muid nach raibh laigí le brath ar an iris ná go raibh fadhbanna againn le tamall maith de bhlianta. Níl aon amhras ann ach gur theastaigh cúnamh uainn leis na heasnaimh sin a leigheas.…

Ní féidir linn glacadh leis, áfach, gur maith an tslat an t‑ocras chun cuidiú le daoine i gcruachás. Níor chúnamh ar bith dúinn tua an bháis a bheartú orainn, ár ngléas beo a bhaint dínn agus fód a bhualadh anuas orainn. Tá deacrachtaí dá gcuid féin ag mórán gach tréimhseachán Gaeilge, agus ba bhocht an nós le tabhairt isteach é íde an ghadhair thréigthe a imirt orthu in am an ghátair.

Tá sé in am díospóireacht a thionscnamh ar mhaoiniú na dtréimhseacháin Gaeilge, go deimhin. Ní hé an cúram is troime orainn ná baol air, ach caithfidh Comhar agus ár leithéidí eile polasaithe stáit i leith na teangan a ghrinniú. Is deacra go mór sin a dhéanamh agus ár gcuid airgid ag brath ar an bhforas a chuireann na polasaithe sin i bhfeidhm. Tá muid ar nós irisí sláinte a bheadh dá maoiniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ní éilíonn muid deontais rábacha gan teorainn thall is abhus, go mbronnfaí airgead an phobail ar shlabar ar bith an fhad is a scríobhtar i nGaeilge é. Ach ní foláir nó gur féidir a theacht ar mhodh maoinithe nach gciorróidh le neamhspleáchas na dtréimhseachán mar a chiorraítear anois.

Agus ba chóra do Comhar chuile chianóg dá bhfuil ag gabháil léi a chailleadh ná a neamhspleáchas a ligean uaithi.’

Ba dhúshlán d’Fhoras na Gaeilge é sin, nó don chóras faoina dtugann siad deontais d’irisí Gaeilge. B’fhéidir gur dhúshlán do bhord Chomhar é freisin, a bhí ag gníomhú faoi dhian-choinníollacha an Fhorais. Ach is cinnte go raibh pointe maith déanta: cad é mar a thig le hiris a neamhspleáchas a chaomhnú nuair atá sí ag brath ar airgead stáit?

Ní raibh a fhios ag an bhord go mbeadh Ó Cathasaigh ag scríobh a leithéide. Dúirt siad níos deireanaí: ‘In ainneoin go raibh an iris ag filleadh tar éis bhriseadh naoi mí, shocraigh an Bord ná hiarrfadh siad an t‑eagrán a fheiceáil sula dtiocfadh sé ó na clódóirí.’ (Ráiteas, 6/11/08.) Ní fios cathain a rinne siad an cinneadh seo. Níl trácht air i miontuairiscí an bhoird. A mhalairt a cuireadh in iúl dó: go mbeadh lán-saoirse eagarthóireachta aige agus an bhreith dheiridh faoi ábhar na hirise. Níl rud ar bith sa chonradh idir an bord agus an t‑eagarthóir a thabharfadh cead don bhord aon eagrán a fheiceáil roimh a fhoilsiú. Ach is léir gur chreid an bord go raibh an ceart sin acu.

Níor cuireadh in iúl don eagarthóir gur éiligh an bord an ceart sin, nó go raibh socraithe acu gan an ceart sin a chur i bhfeidhm maidir leis an chéad eagrán seo. ‘Dá mbeadh a fhios sin agam, ní ghlacfainn le post an eagarthóra ar chor ar bith,’ scríobh sé níos deireanaí (litir chuig scríbhneoirí eagrán na Samhna, 26/11/08). Ach is cosúil nach raibh an bord ar fad ar an eolas faoi ach oiread. Bhí an t‑eagrán le teacht ón chlódóir in am do 25ú Meán Fómhair. Trí lá roimhe sin, ghlaoigh rúnaí Chomhar ar an chlódóir ag iarraidh é a fheiceáil roimhe sin. Dúirt sí le Ó Cathasaigh níos deireanaí an lá sin: ‘tá cuid den bhord imníoch faoin eagrán’. (Litir Uí Chathasaigh chuig scríbhneoirí, 26/11/08.) Ní fios go cinnte cén ‘cuid den bhord’ a bhí i gceist, ach níor éirigh lena n‑iarracht an t‑eagrán a fheiceáil sula bhfoilseofaí é.

Bhí easaontas le feiceáil arís nuair a seoladh an t‑eagrán ar 25ú Meán Fómhair. Mhol Uaitéar Ó Ciaruáin an t‑eagrán agus an t‑eagarthóir, agus ghabh sé buíochas le Foras na Gaeilge as deontas a chur ar fáil. Cé nach raibh an iris feicthe aige go dtí sin, dúirt sé go raibh an bord ag lorg deartha nua di. Mhol sé a bhord, ag rá go raibh ‘esprit de corps breá againn’ agus go raibh ‘gach uile bhall ag saothrú go dian’. Mhol sé cinneadh an Fhorais an bhliain roimhe an deontas a bhaint den iris, ag rá ‘gurbh fhearrde Comhar é’.

Nuair a labhair Ó Cathasaigh, bhí port eile aige. ‘Creidim féin gur droch-chinneadh a rinne an Foras’, dúirt sé. Ghabh sé buíochas leis ‘na daoine sin ar an mbord atá ag tacú liom’. Chuir an t‑iar-eagarthóir Mícheál Ó hUanacháin a mhíshástacht leis an Fhoras in iúl freisin, ag rá gur cheart deontas a chur ar fáil d’irisí Gaeilge nach n‑íocann astu féin díreach mar a chuirtear deontais ar fáil do bhealaí bus nach n‑íocann astu féin. D’fháilitgh sé roimh Ó cathasaigh i suíochán an eagarthóra, ag rá: ‘tá súil agam nach mbeidh sé ró-the riamh dó’. (Craoladh an seoladh ar Raidió na Gaeltachta, 25/9/09.)

Bhí difríocht shoiléir le feiceáil ag an saol mór idir eagarthóir Comhar agus bord Chomhar: taobh amháin ag seasamh ar a neamhspleáchas ón Fhoras, agus an taobh eile ag dul as a bhealach chun a bhuíochas a chur in iúl di. Droch-thuar eile a bhí ann, b’fhéidir.