Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

4. Dearadh

 

De réir mar a socraíodh, caitheadh €1,399.97 ar ríomhaire, agus €1,344.31 ar bhog-earra dearthóireachta, chun go dtiocfadh leis an eagarthóir nua an chéad eagrán eile de Comhar a leagan amach.

Bhí a gcéad chruinniú eile ag bord Chomhar ar 2ú Meán Fómhair. Tugadh cuireadh don eagarthóir páirt a ghlacadh i gcuid den chruinniú. Socraíodh go seolfaí an chéad eagrán eile ar 25ú nó 26ú Meán Fómhair.

I measc na n‑ábhar a pléadh, bhí dearadh na hirise. Mhol Muireann Ní Mhóráin go bhfaighfí comhairle ó chomhlacht deartha faoi leagan amach na hirise. D’fhágfaí an leagan amach féin faoin eagarthóir fós, ach theastaigh uaithi go gcuirfeadh dearthóir eile múnla nó fíoraí ar fáil chun cuidiú leis. Dúirt Ó Cathasaigh go raibh sé ró-dheireanach. Bhí an chéad eagrán chun dul go dtí an clódóir i gceann coicíse, agus ní bheadh aon dearthóir in ann obair den chineál sin a dhéanamh sa tréimhse sin. Ar deireadh, glacadh leis go ndéanfadh Ní Mhóráin fiosruithe le comhlachtaí deartha, féachaint an dtiocfadh leo múnla a chur ar fáil in am.

Ar 4ú Meán Fómhair, fuair Ó Cathasaigh glao teileafóin ó Uaitéar Ó Ciaruáin. Bhí Ní Mhóráin i ndiaidh a bheith i dteagmháil le comhlachtaí deartha, agus ní thiocfadh leo an obair a dhéanamh in am. Ach bhí dream amháin a dúirt go dtiocfadh leo tabhairt faoi. Tugadh a n‑uimhir teileafóin do Ó Cathasaigh, agus rinne sé coinne leo don lá dár gcionn.

Bhí roinnt gnéithe aisteacha ag baint le cruinniú Uí Chathasaigh leis an dream seo. Ar an chéad dul síos, tharla an cruinniú sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha. Ní raibh oifig dá gcuid féin ag an chomhlacht seo. Go deimhin, níl sé cláraithe mar chomhlacht, agus níl suíomh idirlín feidhmeach aige – rud a bheadh riachtanach do chomhlacht deartha. Is cosúil nach comhlacht deartha a bhí sa dream seo ach tionscnamh mac léinn. Ní raibh aon taithí acu ar irisí a dhearadh.

Beirt a bhuail leis an eagarthóir, agus mac le Muireann Ní Mhóráin ab ea duine acu. B’iar-mhac léinn sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha é, a d’fhág an Coláiste gan pas a fháil sa scrúdú.

Ba léir ó thús an chruinnithe go raibh scéalta éagsúla faighte ag an dá thaobh. Bhí ráite leis an bheirt mhac léinn go mbeidís féin ag dearadh na hirise. Leag siad conradh roimh Ó Cathasaigh faoina n‑íocfaí iad as eagrán Dheireadh Fómhair a dhearadh, agus clár ama faoin gcaithfí ábhar an eagráin ar fad a thabhairt dóibh faoi 11ú Meán Fómhair, agus d’fhoilseofaí é ar 1ú Deireadh Fómhair.

Rud eile ar fad a bhí aontaithe ag cruinniú an bhoird trí lá roimhe sin, ar ndóigh: go lorgófaí múnla chun cuidiú leis an eagarthóir i ndearadh na hirise. Ní hé 1ú Deireadh Fómhair an dáta foilsithe a bhí aontaithe, ach 25ú/26ú Meán Fómhair. Ní fhéadfaí an t‑eagrán a dhearadh faoi 11ú Meán Fómhair, mar go raibh spriocdáta níos deireanaí ná sin tugtha do scríbhneoirí ag an eagarthóir. Agus ar ndóigh, ba dhoiligh don iris trácht a dhéanamh i gceart ar chúrsaí reatha dá gcaithfí an t‑ábhar ar fad a bheith scríofa trí seachtaine roimh a foilsiú.

Ba chúis díomá don bheirt go raibh scéal contráilte tugtha dóibh. D’fhág siad an seomra ar feadh tamaill chun an scéal a phlé. Chuir siad glao teileafóin ar Mhuireann Ní Mhóráin chun gearán a dhéanamh faoin scéal. D’aontaigh sise glaoch ar Uaitéar Ó Ciaruáin faoi. D’fhill siad ar sheomra an chruinnithe gan aon rud a rá le Ó Cathasaigh faoin ghlao seo, agus tháinig deireadh leis an chruinniú.

Ní bhfuair Ó Cathasaigh amach faoin teagmháil le Ní Mhóráin go dtí gur ghlaoigh sé ar Ó Ciaruáin i ndiaidh an chruinnithe. Ghlac Ó Ciaruáin leis go gcaithfeadh an t‑eagarthóir an dearadh a dhéanamh gan chuidiú anois. Socraíodh go mbuailfeadh an bheirt acu le chéile an tseachtain dár gcionn chun go bhfaigheadh Ó Ciaruáin amharc ar an chineál deartha a bhí i gceist ag Ó Cathasaigh.

Bhí Anna Davitt le freastal ar an chruinniú seo chomh maith, ach nuair a tháinig Ó Ciaruáin, d’inis sé do Ó Cathasaigh gur dhiúltaigh sí freastal, mar thacaíocht do Ní Mhóráin. Chuir Ó Cathasaigh a mhíshástacht in iúl faoin dóigh ar chuir Ní Mhóráin isteach ar a chruinniú faoi chúrsaí deartha i ngan fhios dó. Dúirt Ó Ciaruáin nach raibh aon ábhar gearáin aige i ndáiríre. Dúirt sé go poiblí ina dhaidh sin go raibh ceart ag Ní Mhóráin é a dhéanamh (agallamh le Raidió na Gaeltachta, 4/11/09). Thaispeáin Ó Cathasaigh leathanaigh shamplacha dá chéad eagrán don chathaoirleach, a dúirt go raibh sé breá sásta leis an chur chuige a bhí le feiceáil iontu.

D’iarr an bheirt mhac léinn ar Ó Ciaruáin go n‑íocfaí iad as an obair ullmhúcháin a bhí déanta acu roimh an chruinniú le Ó Cathasaigh. Thug seisean íocaíocht dóibh thar ceann Chomhar.

Níor cuireadh miontuairiscí chruinniú boird 2ú Meán Fómhair ar fáil ar feadh míosa. Sheol Paula Ní Shlatarra iad chuig baill an bhoird ansin faoin teideal ‘Miontuairiscí leasaithe (feic alt 7)’. Scríobh sí an méid seo leanas fúthu: ‘Maidir le miontuairiscí na míosa seo caite, ta brón orm nár chuir mé ar fáil iad in am. Bhreathnaigh Muireann orthu, agus rinne mé leasú amháin de réir a comhairle sise.’ In alt 7 de na miontuairiscí, dúradh: ‘Ba é tuairim an Bhoird go raibh gá le dearthóir agus an t‑eagarthóir ag obair as lámh a chéile.’ Is léir gurb é sin an leasú a rinne Ní Mhóráin ar na miontuairiscí, nó ní hé sin a rud a socraíodh ag an chruinniú. Cé go raibh Ó Cathasaigh i láthair, ní bhfuair seisean cóip de mhiontuairiscí an chruinnithe.

Mar sin, rinne Ní Mhóráin a dícheall chun go bhfaigheadh a mac conradh deartha ó Chomhar nuair a bhí sé ró-dheireanach comhlacht ceart a fhostú. Ghlac sí páirt i gcruinniú i ngan fhios don eagarthóir, ag cur ina éadan lena linn. Ansin d’athraigh sí miontuairiscí an bhoird chun réiteach lena hiompar féin seachas cur síos go fíreannach ar imeachtaí an chruinnithe. Ba dhroch-thuar do chúrsaí Chomhar é.