Ceart agus COMHAR

Mar a chaill iris Ghaeilge a heagarthóir

In Iúil 2008, ceapadh eagarthóir nua ar an iris Comhar. Ach cúpla mí ina dhiaidh sin, bhí sé imithe. Dúradh, agus séanadh, go raibh cinsireacht á déanamh ar an iris. Cé aige a bhfuil an ceart? Cá bhfuil an fhírinne?

Is scéal é seo le himpleachtaí tromchúiseacha d’iriseoireacht na Gaeilge, agus ba cheart é a phlé go cruinn. Le cabhair ó dhoiciméid a bhaineann leis na heachtraí seo, fiosrófar anseo cad é go díreach a tharla i gcás Comhar.